Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 6:2

An Bíobla Naofa 1981

Ansin chuir na Filistínigh fios ar a sagairt agus ar a n‑asarlaithe agus d'fhiafraíodar díobh: “Céard a dhéanfaimid le háirc an Tiarna? Insígí dúinn conas í a chur ar ais chun a háite féin!”

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Bhí buairt ar Fhorann ar maidin agus chuir sé fios ar lucht asarlaíochta agus feasa uile na hÉigipte; d'inis Forann a thaibhreamh dóibh, ach ní raibh aon duine a d'fhéadfadh é a mhiniú d'Fhorann.

Ansin chuir Forann chomh maith fios ar a shaoithe agus ar a asarlaithe agus le barr draíochta rinne draíodóirí na hÉigipte mar an gcéanna.

Is ea, dhiúltaigh tú do do phobal, do mhuintir Iacóib; tá an tír lán le lucht feasa, agus le draíodóirí ar nós na bhFilistíneach; agus bítear ag bualadh boise le heachtrannaigh.

Thionóil sé le chéile uachtaráin na sagart agus scríobhaithe an phobail, agus d'fhiafraigh díobh cén áit a raibh an Críost le saolú.

Chuir siad teachtairí amach dá bhrí sin agus ghairm siad ceannairí uile na bhFilistíneach chucu, agus dúirt leo: “Cad a dhéanfaimid le háirc Dhia Iosrael?” D'fhreagair siadsan: “Tugtar áirc Dhia Iosrael ar shiúl go Gat.” Thugadar más ea áirc Dhia Iosrael ansiúd.

Bhí áirc an Tiarna i gcríocha na bhFilistíneach ar feadh seacht mí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí