Ba iad seo na neascóidí óir a d'íoc na Filistínigh mar íobairt chiontachta don Tiarna: ceann ar son Aisdeod, ceann ar son Ghazá, ceann ar son Aiscileon, ceann ar son Ghat, ceann ar son Eacrón;
Ná hinsigí é i nGat Agus ná foilsígí é i sráidibh Aiscileon. Nó beidh lúcháir ar iníonacha na bhFilistíneach, Agus mórtas ar iníonacha na foirne gan timpeallghearradh.
Thit Achaizíá ó áiléar a sheomra uachtair sa tSamáir agus leonadh é. Chuir sé teachtairí uaidh dá bhrí sin á rá leo: “Imígí agus téigí i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón, agus fiafraigí an dtiocfaidh mé chugam féin as mo bhreoiteacht.”
Ghabh sé amach le cogadh a chur ar na Filistínigh, agus leag sé anuas balla Ghat, agus balla Iaibne, agus balla Aisdeod, agus ansin d'atóg sé cathracha i ndúiche Aisdeod agus i gcríocha na bhFilistíneach.
Mura bhfuil sé d'acmhainn aige ainmhí ón tréad a thabhairt, ansin tugadh sé chun an Tiarna, mar íobairt leorghnímh ar son an pheaca a rinne sé, péire colm nó dhá ghearrcach colúir, ceann mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe.
Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Ghazá, In éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar an bpionós. De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán mar bhránna go hEadóm,
Téigí go Calna agus féachaigí, ar aghaidh libh uaidh sin go Hamát mór, agus ansin síos go Gat na bhFilistíneach libh; an fearr iadsan ná na ríochtaí seo? nó an mó a dtailte ná bhur gcuidse?
Ansin tháinig spiorad an Tiarna air go tréan agus chuaigh sé síos go hAiscileon agus mharaigh deichniúr is fiche de mhuintir an bhaile, thug leis a gcreach, agus thug a n‑éidí aonaigh dóibh siúd a réitigh an tomhas. D'fhill sé ar a athair ansin agus cuthach feirge air.
Ghabh na Filistínigh é, bhaineadar na súile as agus thug leo síos go Gazá é. Chuireadar slabhraí cré-umha faoi agus chaith sé an t‑am ag casadh an mhuilinn sa phríosún.
Sheoladar áirc Dé go hEacrón, ach nuair a shroich áirc Dé Eacrón, rinne muintir Eacrón liú: “Thugadar áirc Dhia Iosrael chugainn d'fhonn an bás a thabhairt orainn féin agus ar ár muintir.”
Chuir siad teachtairí amach dá bhrí sin agus ghairm siad ceannairí uile na bhFilistíneach chucu, agus dúirt leo: “Cad a dhéanfaimid le háirc Dhia Iosrael?” D'fhreagair siadsan: “Tugtar áirc Dhia Iosrael ar shiúl go Gat.” Thugadar más ea áirc Dhia Iosrael ansiúd.
D'fhiafraíodar ansin: “Cén ofráil chiontachta ar chóir dúinn a íoc leis?” D'fhreagair siad: “Dé réir líon flatha na bhFilistíneach, cúig neascóid óir agus cúig luch óir mar bhí an t‑aon phlá oraibh idir fhlatha agus uile.