Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 6:12

An Bíobla Naofa 1981

Ghabh na ba caol díreach i dtreo Bhéit Seimis, ar feadh an bhóthair, iad ag géimneach ar an tslí gan casadh ar dheis ná ar chlé. Lean flatha na bhFilistíneach iad chomh fada le teorainneacha Bhéit Seimis.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

...mac Dheicir i Mácaz, i Seálbaím, i mBéit Seimis, agus in Aiálón go Béit Hánán.

Ach a luaithe a tuigeadh d'Fhorann go raibh cairde faighte aige, chruaigh sé a chroí agus, mar a dúirt an Tiarna, ní thabharfadh sé cluas dóibh.

Dúirt clann Iosrael leis: “An bóthar mór a gheobhfaimid; má ólaimid aon chuid de d'uisce, mise féin nó m'eallach, díolfaidh mé as. Lig dom gabháil tríd an tír de chois, sin uile.”

Chuaigh an teorainn timpeall Bhálá siar go Sliabh Shaeír; ghabh sí thar shlios thuaidh Sliabh Iáraím (.i. Casálón); síos léi go Béit Seimis agus thar Timneá;

Leagadar áirc an Tiarna ansin ar an gcarr, leis an gcófra, na lucha óir agus dealbha na neascóidí.

Bhí muintir Bhéit Seimis ag baint fómhar na cruithneachta sa ghleann: d'ardaíodar a súile agus chonaiceadar an áirc agus chuir an radharc sin lúcháir orthu.

Bíodh súil agaibh uirthi; má théann sí an bóthar suas i dtreo a dúiche féin, go Béit Seimis, ansin eisean a rinne an urchóid mhór seo dúinn; ach mura dtéann, ansin beidh a fhios againn nárbh í a lámh a luigh orainn, ach gur de thaisme a d'éirigh sé seo dúinn.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí