Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 6:11

An Bíobla Naofa 1981

Leagadar áirc an Tiarna ansin ar an gcarr, leis an gcófra, na lucha óir agus dealbha na neascóidí.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Leagadar áirc Dé ar charr nua, agus thugadar leo í ó theach Aibíonádáb atá ar an gcnoc. Bhí Uzá agus Aichíó, clann mhac Aibíonádáb, ag tiomáint an chairr nua.

Leag siad áirc Dé ar charr nua i dteach Aibíonádáb. Bhí Uzá agus Aichió ag tiomáint an chairr,

Buailfidh an Tiarna thú le neascóidí na hÉigipte, le hothras, le méirscrí agus le tochas, gan leigheas agat dóibh.

Rinne na daoine amhlaidh. Thugadar leo an dá loilíoch, agus ghabhadar faoin gcarr iad, agus dhún ar a laonna sa bhaile.

Ghabh na ba caol díreach i dtreo Bhéit Seimis, ar feadh an bhóthair, iad ag géimneach ar an tslí gan casadh ar dheis ná ar chlé. Lean flatha na bhFilistíneach iad chomh fada le teorainneacha Bhéit Seimis.

D'fhiafraíodar ansin: “Cén ofráil chiontachta ar chóir dúinn a íoc leis?” D'fhreagair siad: “Dé réir líon flatha na bhFilistíneach, cúig neascóid óir agus cúig luch óir mar bhí an t‑aon phlá oraibh idir fhlatha agus uile.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí