Ach arsa Iacób leis: “Tá a fhios ag mo mháistir go bhfuil na leanaí leice agus nach mór dom a bheith cáiréiseach leis na tréada agus leis na táinte nuabheirthe. Má thiomáintear ró-dhian iad ar feadh oiread agus lá, gheobhaidh an stoc go léir bás.
An seachtú huair dúirt an seirbhíseach: “Tá scamall ann anois, chomh beag le láimh duine, ag éirí as an bhfarraige.” Dúirt Éilias: “Imigh suas agus abair le hAcháb: ‘Ullmhaigh an carbad agus téigh síos, sula gcuire an fhearthainn cúl ort.’ ”
Bíodh súil agaibh uirthi; má théann sí an bóthar suas i dtreo a dúiche féin, go Béit Seimis, ansin eisean a rinne an urchóid mhór seo dúinn; ach mura dtéann, ansin beidh a fhios againn nárbh í a lámh a luigh orainn, ach gur de thaisme a d'éirigh sé seo dúinn.”