1 Samúéil 5:9An Bíobla Naofa 1981Ach nuair a bhí sí tugtha ansiúd, luigh lámh an Tiarna go trom ar an gcathair sin agus tháinig scéin agus sceimhle ar na daoine; bhuail neascóidí muintir na cathrach, idir óg agus aosta, mar go raibh an Tiarna á gciapadh mar sin. Féach an chaibidil |
Chuir siad teachtairí amach dá bhrí sin, agus ghairm siad ceannairí uile na bhFilistíneach chucu agus dúirt leo: “Cuir áirc Dhia Iosrael chun siúil; téadh sí ar ais chun a háite féin, chun nach maróidh sí sinn féin agus ár muintir” - óir bhí scéin agus uafás ar fud na cathrach go léir; luigh lámh Dé go trom ansiúd.