1 Samúéil 5:8An Bíobla Naofa 1981Chuir siad teachtairí amach dá bhrí sin agus ghairm siad ceannairí uile na bhFilistíneach chucu, agus dúirt leo: “Cad a dhéanfaimid le háirc Dhia Iosrael?” D'fhreagair siadsan: “Tugtar áirc Dhia Iosrael ar shiúl go Gat.” Thugadar más ea áirc Dhia Iosrael ansiúd. Féach an chaibidil |
Chuir siad teachtairí amach dá bhrí sin, agus ghairm siad ceannairí uile na bhFilistíneach chucu agus dúirt leo: “Cuir áirc Dhia Iosrael chun siúil; téadh sí ar ais chun a háite féin, chun nach maróidh sí sinn féin agus ár muintir” - óir bhí scéin agus uafás ar fud na cathrach go léir; luigh lámh Dé go trom ansiúd.