Nuair a chonaic muintir Aisdeod conas mar a bhí, dúradar: “Ná fanadh áirc Dhia Iosrael inár measc mar tá a lámh ag luí go trom orainn féin agus ar Dhágón ár ndia.”
Dúirt a shearbhóntaí le Forann ansin: “An fada a bheidh an fear seo ina chúis tranglaim againn? Lig don phobal imeacht go ndéanfaidh siad íobairt don Tiarna, a nDia. Nach bhfeiceann tú fós an íde atá imithe ar an Éigipt?”
“Ligfidh mé daoibh,” arsa Forann, “dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna bhur nDia san fhásach, ach gan sibh a dhul i bhfad ó bhaile. Guígí ar mo shon!”
Ansin ghlaoigh Forann ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: “Iarraigí ar an Tiarna na froganna a thógáil díomsa agus de mo mhuintir agus ligfidh mise don phobal dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna.”
Tá sé ráite ag Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Smachtóidh mé anois Amón as Nó (agus Forann) agus an Éigipt agus a déithe agus a ríthe in éineacht le Forann agus iad siúd a chuir a ndóchas ann.
Sea, ó chuir tú do dhóchas i do dhaingne láidre tógfar thusa freisin i láimh. Rachaidh Camóis i mbraighdeanas mar aon lena shagairt agus lena phrionsaí.
Chuir siad teachtairí amach dá bhrí sin agus ghairm siad ceannairí uile na bhFilistíneach chucu, agus dúirt leo: “Cad a dhéanfaimid le háirc Dhia Iosrael?” D'fhreagair siadsan: “Tugtar áirc Dhia Iosrael ar shiúl go Gat.” Thugadar más ea áirc Dhia Iosrael ansiúd.