Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 5:2

An Bíobla Naofa 1981

Thugadar leo áirc Dé agus d'iompraíodar isteach i dteampall Dhágón í, agus chuireadar síos í láimh le Dágón.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Chuireadar a éide chatha i dteampall a ndé, agus thairneáil siad a cheann in airde i dteampall Dhágón.

Nuair a tháinig na Filistínigh lá arna mhárach chun na mairbh a lomadh, fuaireadar Sól agus a chlann mhac ar lár ar Shliabh Ghiolboa.

Ach ansin athraíonn an ghaoth agus titeann sí chun suaimhnis. [Déanann sé siúd] dia beag dá neart féin.

Dá thoradh sin ofrálann siad íobairt dá líon, agus dónn siad túis dá saighean; mar, a bhuíochas orthu siúd, bíonn saol na bhfuíoll acu agus flúirse bia.

Chruinnigh taoisigh na bhFilistíneach chun íobairt mhór a ofráil dá ndia Dágón, agus chun lúcháir a dhéanamh. Dúradar: “Thug ár ndia Samsón ár namhaid ar láimh dúinn.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí