Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 5:11

An Bíobla Naofa 1981

Chuir siad teachtairí amach dá bhrí sin, agus ghairm siad ceannairí uile na bhFilistíneach chucu agus dúirt leo: “Cuir áirc Dhia Iosrael chun siúil; téadh sí ar ais chun a háite féin, chun nach maróidh sí sinn féin agus ár muintir” - óir bhí scéin agus uafás ar fud na cathrach go léir; luigh lámh Dé go trom ansiúd.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Dúirt a shearbhóntaí le Forann ansin: “An fada a bheidh an fear seo ina chúis tranglaim againn? Lig don phobal imeacht go ndéanfaidh siad íobairt don Tiarna, a nDia. Nach bhfeiceann tú fós an íde atá imithe ar an Éigipt?”

Sheoladar áirc Dé go hEacrón, ach nuair a shroich áirc Dé Eacrón, rinne muintir Eacrón liú: “Thugadar áirc Dhia Iosrael chugainn d'fhonn an bás a thabhairt orainn féin agus ar ár muintir.”

Luigh lámh an Tiarna go trom ar phobal Aisdeod agus chuir scéin orthu le neascóidí ar fud Aisdeod agus a chríocha.

Ní foláir daoibh dá réir sin dealbha a dheanamh de bhur neascóidí agus dealbha de na lucha atá ag creimeadh bhur dtíre, agus glóir a thabhairt do Dhia Iosrael. Ansin b'fhéidir go mbogfaidh sé a lámh díbh féin, de bhur ndéithe, agus de bhur dtír.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí