Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 5:10

An Bíobla Naofa 1981

Sheoladar áirc Dé go hEacrón, ach nuair a shroich áirc Dé Eacrón, rinne muintir Eacrón liú: “Thugadar áirc Dhia Iosrael chugainn d'fhonn an bás a thabhairt orainn féin agus ar ár muintir.”

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Gach slógadh dá ndearna tú, bhí mé in éineacht leat; rinne mé do naimhde go léir a threascairt romhat. An té is mó ar talamh, ní mó a chlú ná an clú a thabharfaidh mé duitse.

Thit Achaizíá ó áiléar a sheomra uachtair sa tSamáir agus leonadh é. Chuir sé teachtairí uaidh dá bhrí sin á rá leo: “Imígí agus téigí i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón, agus fiafraigí an dtiocfaidh mé chugam féin as mo bhreoiteacht.”

Zábád a mhacsan, Siútelach a mhacsan; Eizir agus Eileád. Mharaigh muintir Ghat [a bhí ag cur fúthu sa tír] iad mar gur thángadar anuas chun foghail a dhéanamh ar a n‑eallach.

díbreoidh mé áitritheoirí Aisdeod agus rialtóir Aiscileon; agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh Eacrón agus bascfar an Filistíneach deireanach, a deir an Tiarna Dia.

Téigí go Calna agus féachaigí, ar aghaidh libh uaidh sin go Hamát mór, agus ansin síos go Gat na bhFilistíneach libh; an fearr iadsan ná na ríochtaí seo? nó an mó a dtailte ná bhur gcuidse?

Áirítear mar fhearann Canánach ó Shíochór atá lastoir den Éigipt ó tfhuaidh go teorainn Eacrón: (tá cúigear taoiseach ar na Filistínigh, taoiseach ag Gazá, ag Aisdeod, ag Aiscileon, ag Gat, agus ag Eacrón. Tá na Havaím

shín sí go gualainn an tsléibhe lastuaidh de Eacrón; chas an teorainn ansin i dtreo Shicearón, ghabh thar Sliabh Bhálá; ar aghaidh léi amach go Iabnael agus shroich ceann cúrsa ag an bhfarraige.

Eacrón lena bhailte agus a shráidbhailte.

[Níor] ghabh Iúdá Gazá lena thailte, ná Aiscileon lena thailte, ná Eacrón lena thailte.

Ar aghaidh le fir Iosrael agus Iúdá ag cur a ngáir chatha astu agus chuireadar tóir ar na Filistínigh go himill Ghat agus go geataí Eacrón. Bhí Filistínigh ghonta sa chosair chró ar feadh an bhóthair ó Sheáraím go Gat agus Eacrón.

Chuir siad teachtairí amach dá bhrí sin, agus ghairm siad ceannairí uile na bhFilistíneach chucu agus dúirt leo: “Cuir áirc Dhia Iosrael chun siúil; téadh sí ar ais chun a háite féin, chun nach maróidh sí sinn féin agus ár muintir” - óir bhí scéin agus uafás ar fud na cathrach go léir; luigh lámh Dé go trom ansiúd.

Ach nuair a bhí sí tugtha ansiúd, luigh lámh an Tiarna go trom ar an gcathair sin agus tháinig scéin agus sceimhle ar na daoine; bhuail neascóidí muintir na cathrach, idir óg agus aosta, mar go raibh an Tiarna á gciapadh mar sin.

Bhí áirc an Tiarna i gcríocha na bhFilistíneach ar feadh seacht mí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí