1 Samúéil 4:4An Bíobla Naofa 1981Uime sin chuir na daoine fios go Sileo agus thugadar leo ón áit sin áirc chonradh Thiarna na Slua, an té atá suite ar na ceiribíní; agus tháinig beirt mhac Éilí, Hofnaí agus Píneachás in éineacht le háirc chonradh Dé. Féach an chaibidil |
Nuair a bheidh deireadh ag Árón agus ag a chlann ag clúdach nithe naofa uile an tsanctóra agus a ngréithe uile agus an campa á scor, tagadh clann Chohát chun an t‑ualach a iompar ach gan baint leis na nithe naofa le heagla go bhfaighidís bás. Sin iad na nithe i mBoth na Teagmhála atá le hiompar ag clann Chohát.