Dúirt sí: “D'imigh an ghlóir ó Iosrael, óir gabhadh áirc Dé.”
Thit a gcuid sagart leis an gclaíomh; agus ní dhearna a mbaintreacha a gcaoineadh.
Ochón! Tá an Tiarna tar éis duibhe a chur ar iníon Shíón le corp cuthaigh; theilg sé ó neamh go talamh áilleacht Iosrael; níor chuimhin leis stóilín a chos ar lá a chuid díbheirge.
Chuimhnigh a dheisceabail go bhfuil sé scríofa: “Déanfaidh díograis do thí mé a ithe.”
Bíodh an íde a imeoidh ar do bheirt mac, Hofnaí agus Píneachás, mar chomhartha agat; gheobhaidh siad araon bás an lá céanna.
Cuirfidh mé i gcrích an lá sin in aghaidh Éilí gach rud atá ráite agam i dtaobh a theaghlaigh, ó thús deireadh.
Thug sí Í Cávód ar an leanbh á rá: “Tá an ghlóir (cávód) imithe ó Iosrael,” ag cuimhneamh di ar ghabháil áirc Dé, ar athair a céile, agus ar a fear.
Nuair a ghabh na Filistínigh áirc Dé, thugadar leo í ó Eibin Eizir go hAisdeod.