Ar an treas lá tháinig fear ón gcampa a bhí ag Sól. Bhí a chuid éadaigh stróicthe agus cré ar a cheann. Ar theacht chuig Dáiví dhó, chaith sé é féin os a chomhair agus thug ómós dó.
Nuair a shroich Dáiví mullach an tsléibhe mar a ndéantar Dia a adhradh, chonaic sé chuige Húisí an tAircíoch agus a chóta stróicthe agus cré ar a cheann.
Nuair a chonaic siad uathu é níor aithníodar é; chromadar ar chaoineadh in ard a gcinn, stróic siad a n‑éidí agus chaith luaithreach ar a mbaithis (i dtreo neimhe).
Stoll Iósua a chuid éadaigh agus chaith é féin ar a bhéal agus ar a fhiacla os comhair áirc an Tiarna go tráthnóna; rinne seanóirí Iosrael mar an gcéanna agus chaitheadar uile luaithreach ar a gceann.