Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 4:11

An Bíobla Naofa 1981

Gabhadh áirc Dé freisin agus maraíodh Hofnaí agus Píneachás.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Dá ainneoin sin uile thriail agus shaighdigh siad an Dia is Airde, agus dhiúltaigh dá aitheanta.

Thit a gcuid sagart leis an gclaíomh; agus ní dhearna a mbaintreacha a gcaoineadh.

Is mairg don ainbheartach, tá an t‑olc anuas air, caithfear leis de réir saothar a lámh.”

“Téigí anois don ionad liom a bhí i Sileo, áit ar shuigh mé m'ainm an chéad uair; féachaigí céard a rinne mé i ndíol olc mo phobail Iosrael.

Féach, tá na laethanta ag teacht nuair a smiotfaidh mé do neart agus neart theaghlach d'athar i dtreo nach bhfágfar oiread agus aon seanduine amháin i do theaghlach.

Caithfidh tú súil éadmhar namhad ar an maith go léir a dhéanfar d'Iosrael, ach ní fhágfar oiread agus aon seanduine amháin i do theaghlach go brách.

Bíodh an íde a imeoidh ar do bheirt mac, Hofnaí agus Píneachás, mar chomhartha agat; gheobhaidh siad araon bás an lá céanna.

Cuirfidh mé i gcrích an lá sin in aghaidh Éilí gach rud atá ráite agam i dtaobh a theaghlaigh, ó thús deireadh.

Thug sí Í Cávód ar an leanbh á rá: “Tá an ghlóir (cávód) imithe ó Iosrael,” ag cuimhneamh di ar ghabháil áirc Dé, ar athair a céile, agus ar a fear.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí