Ná hinsigí é i nGat Agus ná foilsígí é i sráidibh Aiscileon. Nó beidh lúcháir ar iníonacha na bhFilistíneach, Agus mórtas ar iníonacha na foirne gan timpeallghearradh.
A Shléibhte Ghiolboa, Ná bíodh drúcht ná fearthainn oraibh. A bhánta fill! Óir is ansiúd a tugadh masla do sciath an laoich. Ní le hola a rinneadh sciath Shóil a smearadh,
Tháinig Iahóiseáfát ansin agus a shluaite lena gcreachadh agus fuair siad mórchuid eallaigh agus maoine agus éadaí agus seod; bhailíodar thar mar ab fhéidir leo a bhreith leo; bhí an chreach chomh mór sin go rabhadar trí lá á cruinniú.
Nuair a chonaic na hIosraelaigh a bhí ar an taobh eile den ghleann (agus iad siúd a bhí taobh thall den Iordáin) gur theith saighdiúirí Iosrael agus gur maraíodh Sól agus a chlann mhac, d'fhágadar a gcathracha agus theitheadar. Tháinig na Filistínigh ansin agus chuireadar fúthu iontu.
Theascadar an ceann de, agus bhaineadar a éide chatha anuas de, agus sheoladar teachtairí ar fud tír na bhFilistíneach chun an dea-scéala a thabhairt dá n‑íola agus dá bpobal.