Bhí siad ag caoineadh agus ag mairgnigh agus ag déanamh troscaidh go tráthnóna mar gheall ar Shól agus a mhac Iónátán, mar gheall ar phobal an Tiarna agus ar theaghlach Iosrael agus an bás le claíomh a imríodh orthu.
Ghlaoigh sé ar an toirt ar a ghiolla airm agus dúirt leis: “Tarraing do chlaíomh gan mhoill agus cuir chun báis mé, d'fhonn nach ndéarfaí fúm: ‘Mharaigh bean é!”’ Rop a ghiolla claíomh tríd dá bhrí sin agus fuair sé bás.
Chuaigh an pobal go léir go Gilgeál dá bhrí sin agus d'fhógraíodar Sól ina rí ansiúd i láthair an Tiarna i nGilgeál. D'ofráladar íobairtí comaoineach ansiúd i láthair an Tiarna agus lúcháir thar na bearta ar chlann Iosrael go léir.
Nach é seo fómhar na cruithneachta againn inniu? Guífidh mé chun an Tiarna agus seolfaidh sé toirneach agus fearthainn; tuigigí agus feicigí a ghráiniúla de bheart a rinne sibh i láthair an Tiarna nuair a d'iarr sibh rí daoibh féin.”
Dar an Tiarna beo,” arsa Dáiví, “déanfaidh an Tiarna féin an té sin a threascairt, cibé acu a thagann an bás air ar an bhfód, nó go dtéann sé amach chun catha agus bás a fháil ansin.
Mar bharr air sin déanfaidh an Tiarna Iosrael agus thusa féin a thabhairt i láimh na bhFilistíneach; agus amárach beidh tusa féin agus do chlann mhac in éineacht liom, sea agus slua Iosrael chomh maith, mar tabharfaidh an Tiarna i láimh na bhFilistíneach iad.”
Nuair a chonaic na hIosraelaigh a bhí ar an taobh eile den ghleann (agus iad siúd a bhí taobh thall den Iordáin) gur theith saighdiúirí Iosrael agus gur maraíodh Sól agus a chlann mhac, d'fhágadar a gcathracha agus theitheadar. Tháinig na Filistínigh ansin agus chuireadar fúthu iontu.