1 Samúéil 31:5An Bíobla Naofa 1981Nuair a chonaic a ghiolla airm go raibh Sól marbh, chaith sé é féin ar a chlaíomh chomh maith agus fuair sé bás in éineacht leis. Féach an chaibidil |
Ansin dúirt Sól lena ghiolla airm: “Nocht do chlaíomh agus sáigh tríom é le heagla go dtiocfadh an dream úd gan timpeallghearradh orm agus go sáfaidís mé agus go mbeidís ag fonóid fúm.” Ach bhí an-eagla ar a ghiolla airm agus ní dhéanfadh sé é. Thóg Sól a chlaíomh féin dá bhrí sin agus chaith sé é féin air.