Nuair a shroicheadar Urlár Buailte Átád lastall den Iordáin, chaoineadar caoineadh fada dobrónach ansiúd agus bhí sé féin ag caoineadh a athar ar feadh seacht lá.
Bhí siad ag caoineadh agus ag mairgnigh agus ag déanamh troscaidh go tráthnóna mar gheall ar Shól agus a mhac Iónátán, mar gheall ar phobal an Tiarna agus ar theaghlach Iosrael agus an bás le claíomh a imríodh orthu.
Chuala Sól ansin go bhfacthas Dáiví agus an mhuintir a bhí in éineacht leis. Bhí Sól i nGibeá, ina shuí faoin gcrann tamaraisce ar an ardán, a shleá ina láimh agus a oifigigh ina seasamh ina thimpeall.