Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 31:1

An Bíobla Naofa 1981

Chuir na Filistínigh cath ar Iosrael agus theith sluaite Iosrael ó na Filistínigh agus imríodh ár orthu ar Shliabh Ghiolboa.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

A Shléibhte Ghiolboa, Ná bíodh drúcht ná fearthainn oraibh. A bhánta fill! Óir is ansiúd a tugadh masla do sciath an laoich. Ní le hola a rinneadh sciath Shóil a smearadh,

“Tharla ar Shliabh Ghiolboa mé,” d'fhreagair an t‑óglach, “agus ba shiúd é Sól ina luí ar a shleá agus na carbaid agus na capaill ag brú air go dian.

Bhí mac ag Iónátán mac Shóil a raibh cosa bacacha faoi. Bhí sé cúig bliana d'aois nuair a tháinig an scéala faoi Shól agus Iónátán ó Izréil. D'ardaigh a mhuime léi é, ach ag teitheadh di faoi dheifir, thit sé agus d'fhág sin bacach é; Meirí Bál a ba ainm dó.

Ach má leanann sibh oraibh le bhur gcoirpeacht, ídeofar sibh féin agus bhur rí.”

Chuir na Filistínigh tionól ar a sluaite sna laethanta úd chun dul chun catha le hIosrael. Agus dúirt Áicís le Dáiví: “Bíodh a fhios agat go rachaidh tusa freisin agus do chuid fear ar an slógadh liom.”

Ansin dúirt Samúéil le Sól: “Cad ab áil leat do mo bhuaireamh do mo tharraingt aníos?” “Tá suaitheadh mór orm,” arsa Sól, “mar tá na Filistínigh i gcogadh liom, agus thréig Dia mé, gan freagra á thabhairt aige orm ó bhéal fáithe ná le cabhair aislingí. Ghlaoigh mé ortsa dá bhrí sin chun a rá liom céard ba cheart dom a dhéanamh.”

Mar bharr air sin déanfaidh an Tiarna Iosrael agus thusa féin a thabhairt i láimh na bhFilistíneach; agus amárach beidh tusa féin agus do chlann mhac in éineacht liom, sea agus slua Iosrael chomh maith, mar tabharfaidh an Tiarna i láimh na bhFilistíneach iad.”

Chruinnigh na Filistínigh le chéile agus shuíodar a gcampa i Siúnaem; agus chuir Sól tionól ar Iosrael go léir agus shuíodar a gcampa i nGiolboa.

Thionóil na Filistínigh a sluaite go léir in Afaec, agus bhí a gcampa suite ag Iosrael ag an tobar atá in Izréil.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí