Chuir Dáiví chun bóthair dá bhrí sin leis an sé chéad fear a bhí ina theannta agus shroicheadar sileán Bhasór (agus d'fhan an chuid eile ina ndiaidh).
Ghabh a oifigigh go léir thairis, agus ghabh na Ceiréitigh go léir, agus na Peiléitigh go léir, agus gach duine den sé chéad Giteach a lean é ó Ghat, ar aghaidh roimh an rí.
Thug Dáiví an mhuintir a bhí in éineacht leis suas chomh maith, gach fear lena mhuirear féin, agus chuireadar fúthu i mbailte Heabrón.
Bhuail Dáiví bóthar dá bhrí sin, agus d'imigh sé, é féin agus an sé chéad fear a bhí ina choimhdeacht, síos go hÁicís, mac Mháóc, rí Ghat.
Lean Dáiví air sa tóir ansin le ceithre chéad fear, ach d'fhan dhá chéad ina ndiaidh mar go rabhadar róthraochta chun dul thar sileán Bhasór.