Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 30:7

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Dáiví le hAibíátár mac Aichímeilic an sagart: “Tabhair chugam an t‑éafód”; agus thug Aibíátár an t‑éafód go Dáiví.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Agus maidir le hAibíátár an sagart, dúirt an rí leis: “Imigh leat go hAnatót go dtí do thailte. Mar tá an bás tuillte agat, ach ní chuirfidh mé chun báis anois thú mar gur iompair tú áirc an Tiarna os comhair Dháiví m'athair agus go raibh páirt agat in anró m'athar go léir.”

“Déanfaidh siad an t‑éafód d'ór agus d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas fite le barr slachta.

mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé, in aimsir Aibiatár an t‑ardsagart, agus d'ith builíní na fianaise nach dleathach a ithe ach do na sagairt, agus mar a thug fós dá chompánaigh iad?”

Chuir siad ceist ar an Tiarna arís: “Ar tháinig an fear úd anseo?” “Siúd é i bhfolach sa bhagáiste é,” arsa an Tiarna.

Dúirt Sól ansin le hAichíá: “Tabhair an [t‑éafód] anseo” - mar eisean a d'iompraíodh an [t‑éafód] i láthair Iosrael.

Fad a bhí Sól ag caint leis an sagart d'éirigh an callán i gcampa na bhFilistíneach níos measa agus níos measa, agus dúirt Sól leis an sagart; “Tarraing siar do lámh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí