Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 30:4

An Bíobla Naofa 1981

Ansin chaoin Dáiví agus an mhuintir a bhí in éineacht leis in ard a gcinn go dtí go rabhadar chomh lag sin nárbh fhéidir leo caoineadh a thuilleadh.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Fad a bhí Eazrá ag guí agus ag admháil peacaí le deora agus é faon ar lár os comhair Theampall an Tiarna, chruinnigh slua mór Iosraelach ina thimpeall idir fhir agus mhná agus leanaí, agus iad ag gol go goirt.

Ansin thóg an comhthionól uile gáir in ard a gcinn agus bhí na daoine ag lógóireacht ar feadh na hoíche ar fad.

D'inis Maois na focail seo do chlann Iosrael go léir agus ba mhór í a lógóireacht.

Nuair a labhair aingeal an Tiarna mar sin le clann Iosrael go léir chrom an pobal go léir ar osna agus ar olagón.

Chuaigh an pobal go Béitéil agus d'fhan ann go tráthnóna, ina suí i láthair Dé ag osnaíl agus ag gol go géar.

Nuair a tháinig na teachtairí go Gibeá le Sól agus a d'insíodar an scéala don phobal, chromadarsan ar ghol agus olagón.

Nuair a shroich Dáiví agus a mhuintir an áit fuaireadar an chathair dóite go talamh, agus a mná agus a gclann mhac agus iníonacha fuadaithe ina mbránna.

Nuair a tháinig sé, bhí Éilí ina shuí ina chathaoir láimh leis an ngeata ag faire an bhóthair mar bhí sé ar ballchrith le himní faoi áirc Dé. Nuair a tháinig an fear seo chun na cathrach leis an scéala, tógadh liú ar fud na cathrach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí