Chuir Aibseálóm teachtairí ar fud treibheanna Iosrael go léir á rá: “A luaithe a chloisfidh sibh glór an trumpa, abraigí: ‘Tá Aibseálóm ina rí i Heabrón!’ ”
Chuaigh Dáiví ina dhiaidh sin i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé suas go ceann de chathracha Iúdá?” d'fhiafraigh sé. D'fhreagair an Tiarna é: “Téigh suas.” “Go cé acu a rachaidh mé?” d'fhiafraigh Dáiví. D'fhreagair sé: “Go Heabrón.”
Ghabhadar ó thuaidh fan an Neigib go dtí Heabrón mar a raibh cónaí ar chlann Anac, Aichíomán agus Séisea agus Talmai (bunaíodh Heabrón seacht mbliana roimh Zoan san Éigipt).
Tugadh cuid i measc chlann Iúdá, de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Iósua, do Chálaeb mac Iafuna .i. Ciriat Arba, príomhchathair na nAnacaím (.i. Heabrón anois).
“Imígí anois agus déanaigí deimhin de níos mó fós; faighigí amach cá dtéann rian a chos agus coinnigí cuimhne air, mar deirtear liom go bhfuil sé lán de ghliceas.