Chuaigh sé as sin go dtí sliabh soir ó Bhéitéil, mar ar chuir sé suas a bhoth agus Béitéil laistiar dó agus Háí lastoir. Rinne sé altóir don Tiarna ansin ansiúd agus ghair sé ar ainm an Tiarna.
An chuid oidhreachta a fuair clann Iósaef ar cranna ghabh sí soir ón Iordáin, os comhair Ireachó sall; ghabh an teorainn ar aghaidh ó Ireachó, agus an t‑ardchlár suas go fásach Bhéitéil,
Leosan gabhann na sráidbhailte go léir timpeall ar na cathracha sin chomh fada le Bálat Béar agus Rámá an Neigib. Sin í oidhreacht threibh chlann Shimeon de réir a bhfiní.
Sheol Iósua buíon fear ó Ireachó go Háí (atá láimh le Béit Ávan) lastoir de Bhéitéil; dúirt sé leo: “Téigí suas agus déanaigí an tír a bhrath.” Ghabh na fir suas agus rinneadar Háí a bhrath.
Sheol Iósua chun siúil iad dá bhrí sin, agus chuadar chun an láthair luíocháin idir Béitéil agus Háí, laistiar de Háí. Chaith Iósua an oíche sin i measc an phobail.