Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 30:26

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a tháinig Dáiví go Zicleag, chuir sé cuid den chreach go seanóirí Iúdá, a chairde, á rá: “Seo bronntanas daoibh as an gcreach a baineadh de naimhde an Tiarna”;

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Glac leis an mbronntanas a thug mé chugat dá bhrí sin; bhí Dia fial liom agus tá mo dhóthain agam.” D'áitigh sé air sa tslí sin agus ghlac sé leis.

Nuair a bhí Sól tar éis bháis, d'fhill Dáiví ó ár na nAmailéiceach agus chaith dhá lá i Zicleag.

Ansin d'fhill sé ar an ngiolla Dé, é féin agus a chuideachta, agus sheas sé os a chomhair. “Anois a aithním,” ar seisean, “nach bhfuil Dia ar bith sa domhan ar fad ach amháin in Iosrael. Anois dá bhrí sin tóg bronntanas ó do shearbhónta, le do thoil.”

Bíodh gliondar agus gairdeas ar lucht mo pháirte, agus abraidís gan sos: “Moladh leis an Tiarna lenarb áil sonas a sheirbhísigh!”

Tá na mílte agus na mílte de charbaid Dé ann; tháinig an Tiarna ó Shíonái chun an ionaid naofa.

ach an té atá uasal, is uasal dá bhearta, agus an rud uasal, is é á chuireann sé i bhfeidhm.

Mheas mé dá bhrí sin nár mhór dom a iarraidh ar na bráithre dul ag triall oraibh romham agus an deontas a bhí geallta agaibh a eagrú roimh ré i dtreo go mbeadh sé réidh i mo chomhair agus é ina dheontas fial in áit a bheith ina ainchíos.

Ansin dúirt Sól le Dáiví: “Seo í an iníon is sine agam, Méarab; tabharfaidh mé duit í mar bhean; ach ní foláir duit seirbhís a dhéanamh dom go cróga agus cathanna an Tiarna a throid” - mar is é a shocraigh Sól ina aigne: “Nárab í mo lámhsa a leagfaidh ar lár é, ach lámh na bhFilistíneach.”

Maidir leis an mbronntanas atá á thabhairt ag do bhanóglach go dtí mo thiarna, tugtar é do na hógánaigh, lucht leanúna mo thiarna féin.

Maith a cionta do do bhanóglach agus déanfaidh an Tiarna ríshliocht daingean a dheonú do mo thiarna, mar tá mo thiarna ag troid cathanna an Tiarna, agus ní bheidh urchóid le fáil ort i gcaitheamh do shaoil go léir.

Ghabh Dáiví na tréada agus na táinte chomh maith agus thiomáin an pobal an t‑eallach seo roimhe. “Seo creach Dháiví,” a liúdar.

Ón lá sin amach rinne sé reacht agus dlí de sin in Iosrael, rud atá i bhfeidhm go dtí inniu féin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí