Beidh Árón is a chlann mhac ina fheighil ó nóin go maidin gan stad, i láthair an Tiarna i dTaibearnacal na Teagmhála taobh amuigh den fhial atá os comhair na Fianaise. Beidh sin ina reacht le coimeád ó ghlúin go glúin ag clann Iosrael.”
Ansin thóg Samúéil an adharc ola agus rinne é a ungadh ansiúd mar a raibh aige fara a dheartháireacha. Tháinig spiorad an Tiarna agus luigh sé ar Dháiví agus d'fhan leis ón lá sin amach. Maidir le Samúéil, d'éirigh sé agus d'imigh go Rámá.
Cé réiteodh libh air sin? Is cuma roinn an té a chuaigh síos chun an chatha nó roinn an té a d'fhan leis an mbagáiste. Is ionann an roinn a gheobhaidh siad.”
Nuair a tháinig Dáiví go Zicleag, chuir sé cuid den chreach go seanóirí Iúdá, a chairde, á rá: “Seo bronntanas daoibh as an gcreach a baineadh de naimhde an Tiarna”;