Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 30:13

An Bíobla Naofa 1981

Ansin chuir Dáiví ceist air: “Cé leis thú?” ar sé, “agus cad as duit?” “Éigipteach óg mé,” ar sé, “daor le hAmailéiceach; d'fhág mo mhaistir ina dhiaidh mé mar gur buaileadh breoite mé trí lá ó shin.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Dáiví leis an óglach a thug an scéala chuige: “Cad as duit?” “is mac duine dheoranta, Amailéiceach mé,” ar sé.

“Cá has ar tháinig tú?” d'fhiafraigh Dáiví de. “D'éalaigh mé as campa na nIosraelach,” ar sé.

‘Cé hé thú féin?’ ar sé liom. ‘Amailéiceach,’ arsa mise.

Tugann an fíréan aire dá chuid stoic, ach is cruálach í trocaire an urchóidigh.

Dúirt siad leis ansin: “Inis dúinn cé is ciontach leis an mí-ádh seo a theacht orainn. Cad é an fuadar atá fútsa? Cad as duit? Céard í do thír dhúchais? Cér díobh thú?”

Óir tá breithiúnas gan trócaire le tabhairt ar an té nach ndearna trócaire; ach sáraíonn an trócaire an breithiúnas.

Thugadar blúire de cháca figí dó agus dhá chrobhaing rísíní; d'ith sé an méid sin agus tháinig misneach arís chuige mar ní raibh greim aráin ná deoch uisce caite aige le trí lá agus trí oíche.

Rinneamar ionradh ar Neigib na gCeiriteach, agus ar Neigib Iúdá, agus ar Neigib Chálaeb, agus chuireamar Zicleag trí thine.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí