Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 30:1

An Bíobla Naofa 1981

Faoin am ar shroich Dáiví agus a chuid fear Zicleag, ar an tríú lá, bhí ionradh déanta ag na hAmailéicigh ar an Neigib agus ar Zicleag. Ghabhadar Zicleag de ruathar agus chuireadar trí thine é,

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Bhí Íosác ag cur faoi sa Neigib agus é tagtha um an dtaca sin go dtí fásach Thobar an Bheo a Fheiceann.

Nuair a bhí Sól tar éis bháis, d'fhill Dáiví ó ár na nAmailéiceach agus chaith dhá lá i Zicleag.

Ar an treas lá tháinig fear ón gcampa a bhí ag Sól. Bhí a chuid éadaigh stróicthe agus cré ar a cheann. Ar theacht chuig Dáiví dhó, chaith sé é féin os a chomhair agus thug ómós dó.

‘Cé hé thú féin?’ ar sé liom. ‘Amailéiceach,’ arsa mise.

Ghabh a oifigigh go léir thairis, agus ghabh na Ceiréitigh go léir, agus na Peiléitigh go léir, agus gach duine den sé chéad Giteach a lean é ó Ghat, ar aghaidh roimh an rí.

Bhí sé ar a bhealach go Zicleag nuair a ghabh an mhuintir seo leanas de chlann Mhanaise leis: Adná, Iózábád, Ídíéil, Míocáéil, Iózábád, Eilíhiú, Zileatai, ceannairí míle i Manaise.

Ba thaca iadsan do Dháiví agus dá shluaite, mar gur churaí calma iad go léir, agus rinneadh oifigigh san arm díobh.

bhailigh siad a gcuid fear agus chuir chun bóthair chun Ísmeáéil mac Natainiá a ionsaí. Tháinig siad suas leis lámh leis an Linn Mhór i nGibeón.

Dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh aon eagla ort rompu siúd, mar an taca seo amárach fágfaidh mé iad go léir treascartha os comhair a súl ag Iosrael; déan speireacha a n‑each a ghearradh agus tine a chur lena gcarbaid.”

Zicleag, Madmaná, Sansaná,

Scrios Sól na hAmáiléicigh dá bhrí sin, ó Havalá go Siúr, atá lastoir den Éigipt.

Ghabh sé Agag rí Amáiléic ina bheatha, agus chuir na daoine go léir chun báis le faobhar claímh faoin mbang.

An lá sin thug Áicís Zicleag dó agus dá bharrsan is le rí Iúdá Zicleag go dtí an lá inniu.

Bí i do shuí dá bhrí sin go moch ar maidin, thú féin agus searbhóntaí do thiarna a tháinig in éineacht leat. Bígí in bhur suí go moch ar maidin agus nuair a bheidh sé geal go leor, buailigí bóthar.”

Chuir Dáiví chun bóthair dá bhrí sin go luath ar maidin, é féin agus a chuid fear, ar a slí ar ais go tír na bhFilistíneach. Ach chuaigh na Filistínigh suas go hIzréil.

Ach bhí fearg ar thaoisigh na bhFilistíneach leis. “Cuir ar ais é,” arsa taoisigh na bhFilistíneach leis, “agus filleadh sé ar an áit a thug tú ina sheilbh dó. Ná téadh sé síos chun catha in éineacht linn ar eagla go n‑iompódh sé orainn nuair a bheadh an cath á chur. Arbh fhearr slí aige siúd chun caradas a dhéanamh arís lena mháistir ná le cinn na bhfear seo anseo?

Rinneamar ionradh ar Neigib na gCeiriteach, agus ar Neigib Iúdá, agus ar Neigib Chálaeb, agus chuireamar Zicleag trí thine.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí