agus rith sé leis go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé, mar ghlaoigh tú orm.” Ach dúirt seisean: “Níor ghlaoigh mé ort; luigh síos arís.” D'imigh sé mar sin, agus luigh síos.
Ghlaoigh an Tiarna arís. “A Shamúéil!” D'éirigh Samúéil agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé mar ghlaoigh tú orm.” Agus d'fhreagair seisean: “Níor ghlaoigh mé ort, a mhic; luigh síos arís.”