Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 3:16

An Bíobla Naofa 1981

ach ghlaoigh Éilí air agus dúirt: “A Shamúéil, a mhic.” “Seo anseo mé,” ar seisean.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt aingeal Dé liom sa taibhreamh: ‘A Iacóib!’ ‘Anseo dom,’ arsa mise.

Dúirt Iosrael le Iósaef: “Nach bhfuil do dheartháireacha ag aoireacht an tréada i Seicim? Téanam anois agus seolfaidh mé chucu thú.” “Teacht,” ar sé leis.

Dúirt Boaz le Rút: “Éist liom anois, a iníon ó, agus tuig é seo uaim: ná téighse a dhíolaim in aon ghort eile. Ná fág an áit seo ach lean go dlúth mo mheithealsa.

As seo amach anois sé an rí a threoróidh sibh. Maidir liomsa, is seanóir liath mé agus tá mo chlann mhac anseo in bhur measc. Threoraigh mé sibh ó m'óige go dtí an lá inniu.

D'fhan Samúéil ansiúd ina luí go maidin agus ansin d'oscail sé doirse theampall an Tiarna. Bhí eagla air an fhís a insint do Éilí,

“Cén teachtaireacht a thug sé duit?” arsa Éilí, “ná ceil orm é. Go ndéana Dia seo agus siúd leat, agus a thuilleadh fós, má cheileann tú aon ní orm dá ndúirt sé leat.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí