1 Samúéil 29:3An Bíobla Naofa 1981D'fhiafraigh taoisigh na bhFilistíneach: “Cad a thug na hEabhraigh seo anseo?” D'fhreagair Áicís taoisigh na bhFilistíneach: “Nach é seo Dáiví, searbhónta Shóil, rí Iosrael, atá le [bliain nó dhó] anois i mo choimhdeacht. Ní bhfuair mé locht air ón lá a ghabh sé liom go dtí inniu féin.” Féach an chaibidil |
Ghabh cuid de chlann Mhanaise le Dáiví agus é ag dul chun catha in aghaidh Shóil. Ach níor thug sé aon chabhair dóibh siúd mar chuaigh taoisigh na bhFilistíneach i gcomhairle le chéile agus chuireadar chun siúil é. “Dá dtugadh sé cúl linn agus gabháil le Sól, a mháistir,” ar siad, “bheadh ár gceann i mbaol.”