Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 28:9

An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagair an bhean é: “Tá a fhios agat, ar ndóigh, cad a rinne Sól, conas mar atá na hasarlaithe agus na draoithe díbeartha as an tír aige. Cad a ba áil leat, más ea, ag cur gaiste i bhfearas do m'anam leis an mbás a thabhairt orm?”

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Ach dá ndéanfainn feall, agus m'anam a chur i mbaol - níl aon ní i bhfolach ar an rí - ní ardófá méar ar mhaithe liom.”

Nuair a léigh rí Iosrael an litir, stróic sé a chuid éadaigh agus dúirt: “An dia mise, údar báis agus beatha, agus a rá gur iarr an fear seo orm duine a leigheas óna lobhra? Éist leis seo agus tabhair é faoi deara agus feicfidh tú gur ag iarraidh achrann a adhaint liom atá sé.”

Ná téigí i muinín spioraid na marbh, ná draíodóirí, mar go dtruailleoidís sibh. Mise an Tiarna bhur nDia.

Mhionnaigh Sól di dar an Tiarna: “Dar an Tiarna beo,” ar sé, “ní chuirfear aon mhilleán ort de bharr an ghnó seo.”

Bhí Samúéil tar éis bháis, agus chaoin Iosrael go léir é agus d'adhlacadar é i Rámá, a chathair féin. Bhí na hasarlaithe agus na draoithe díbeartha ag Sól as an tír.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí