Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 28:5

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a chonaic Sól sluaite na bhFilistíneach, tháinig scanradh air agus bhí sé ar ballchrith.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Tá glórtha bagracha ina chluasa Agus tiocfaidh an scriostóir air i lár a chonáigh.

Beidh scanradh air ó uafáis ina thimpeall, Agus iad á leanúint go dlúth ar a shála.

Féach mar a thit siad le halt na haon uaire; chuaigh siad ar ceal arna scriosadh le scanradh.

An rud is eagal leis an urchóideach, tiocfaidh sé sa mhullach air; ach faigheann an fíréan mian a chroí mar fháltas.

Tugadh an scéala seo chuig teaghlach Dháiví: “Tá Arám tar éis dul isteach in Eafráim.” Agus tháinig crith ar chroí an rí agus ar chroí an phobail mar a thagann ar chrainn na coille roimh an ghaoth.

Chruinnigh na Filistínigh le chéile agus shuíodar a gcampa i Siúnaem; agus chuir Sól tionól ar Iosrael go léir agus shuíodar a gcampa i nGiolboa.

Chuaigh sé i gcomhairle leis an Tiarna, ach freagra ní bhfuair sé trí thaibhreamh, ná tríd an Úirím ná trí fháithe.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí