Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 28:21

An Bíobla Naofa 1981

Tháinig an bhean go Sól ansin, agus nuair a chonaic sí an scanradh a bhí air, dúirt sí: “Féach, rinne do bhanóglach rud ort; chuir mé m'anam i bhfiontar, agus chomhlíon mé gach ar ordaigh tú dom.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Bhí seo ag cur an-bhuaireamh aigne ar rí Arám, agus ghlaoigh sé ar a fheidhmeannaigh agus dúirt: “Inis dom cé acu againn atá dár [mbrath] le rí Iosrael.”

Cuirfidh mé m'anam i gcúl mo dhoirn, Agus rachaidh mé sa seans leis!

Nuair a chonaic mé nach dtiocfadh sibh i gcabhair orm, chuir mé m'anam i bhfiontar agus chuir mé chun bóthair in aghaidh na nAmónach, agus thug an Tiarna ar láimh dom iad. Cén fáth a bhfuil sibhse ag teacht inniu chun cogadh a chur orm?”

Chuaigh sé i mbaol a anama nuair a mharaigh sé an Filistíneach, agus nuair a thug Dia bua mór d'Iosrael go léir. Chonaic tú féin é, agus bhí lúcháir ort. Cén fáth mar sin go ndéanfá peaca in aghaidh fola neamhchiontaí agus Dáiví a mharú gan chúis?”

Tháinig tocht ar Shól agus thit sé chun láir agus lántalún. Chuir a ndúirt Samúéil scéin air, agus bhí a neart tréigthe mar nár ith sé greim ar feadh an lae agus na hoíche sin go léir.

Déansa, dá bhrí sin, rud ar do bhanóglach. Leagfaidh mé beagán bia romhat, agus ith é agus bíodh neart éigin ionat ag dul ar d'aistear.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí