Tháinig tocht ar Shól agus thit sé chun láir agus lántalún. Chuir a ndúirt Samúéil scéin air, agus bhí a neart tréigthe mar nár ith sé greim ar feadh an lae agus na hoíche sin go léir.
Ar maidin lá arna mhárach nuair a bhí an deoch curtha de ag Nábál, d'inis a bhean an scéal go léir dó. Thit an lug ar an lag ag Nábál, rinneadh staic de mar chloch.
Mar bharr air sin déanfaidh an Tiarna Iosrael agus thusa féin a thabhairt i láimh na bhFilistíneach; agus amárach beidh tusa féin agus do chlann mhac in éineacht liom, sea agus slua Iosrael chomh maith, mar tabharfaidh an Tiarna i láimh na bhFilistíneach iad.”
Tháinig an bhean go Sól ansin, agus nuair a chonaic sí an scanradh a bhí air, dúirt sí: “Féach, rinne do bhanóglach rud ort; chuir mé m'anam i bhfiontar, agus chomhlíon mé gach ar ordaigh tú dom.