Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 28:2

An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagair Dáiví Áicís: “Tá go maith! Beidh a fhios agat cad is féidir le do sheirbhíseach a dhéanamh.” Agus dúirt Áicís le Dáiví: “An-mhaith! Ceapfaidh mé thú mar gharda cosanta orm le do shaol.”

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Bíodh bhur ngrá saor ón gcur i gcéill; bíodh fuath agaibh don olc agus cloígí leis an maith.

Ach ní dheachaigh Hanná, mar dúirt sí lena fear: “Nuair a bhainfear an leanbh den chíoch, tabharfaidh mé liom ansin é agus cuirfear i láthair an Tiarna é, agus fanfaidh sé ansiúd go brách.”

Uime sin thug mé suas don Tiarna é lena shaol. Tá sé tugtha suas don Tiarna.” [D'fhag sí] ansiúd ag an Tiarna é.

D'fhiafraíodh Áicís: “Cia ar a ndearna tú an fhoghail inniu?” D'fhreagraíodh Dáiví: “In aghaidh Neigib na gCéineach.”

Bhí taoisigh na bhFilistíneach ag gabháil thar bráid ina gcipí céad agus míle, agus Dáiví agus a chuid fear ag teacht ina ndiaidh in éineacht le hÁicís.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí