Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 28:15

An Bíobla Naofa 1981

Ansin dúirt Samúéil le Sól: “Cad ab áil leat do mo bhuaireamh do mo tharraingt aníos?” “Tá suaitheadh mór orm,” arsa Sól, “mar tá na Filistínigh i gcogadh liom, agus thréig Dia mé, gan freagra á thabhairt aige orm ó bhéal fáithe ná le cabhair aislingí. Ghlaoigh mé ortsa dá bhrí sin chun a rá liom céard ba cheart dom a dhéanamh.”

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Iompaigh do ghnúis ó mo pheacaí agus cealaigh mo chionta go léir.

Bíonn an croí gan stuaim sásta lena imeachtaí féin, agus an fear cóir le fómhar a bheart.

Go fiú má éiríonn leo a gclann a thógáil, bainfidh mise díobh iad roimh dóibh teacht in inmhe fir. Mairg dóibh go deimhin má thréigimse iad!

Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: ‘Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal.

Liúigh sí: “Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón.” Dhúisigh sé as a chodladh á cheapadh: “Brisfidh mé amach faoi mar a rinne mé cheana, agus tiocfaidh mé saor ó mo chuibhreacha.” Ní raibh a fhios aige go raibh sé tréigthe ag an Tiarna.

Bhí eagla ar Shól roimh Dháiví mar go raibh an Tiarna leis-sean ach é imithe ó Shól.

Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé agus cath a chur ar na Filistínigh seo?” D'fhreagair an Tiarna Dáiví: “Téigh agus cuir cath ar na Filistínigh agus fuascail Ceíleá.”

Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna arís agus d'fhreagair an Tiarna: “Imigh leat! Gabh síos go Ceíleá mar cuirfidh mise na Filistínigh faoi do bhois.”

Ansin dúirt an bhean: “Cé thabharfaidh mé aníos chugat?” “Tabhair Samúéil aníos chugam,” ar sé.

D'fhreagair Samúéil á rá: “Cén fáth ceist a chur ormsa nuair a thréig an Tiarna thú agus go bhfuil sé ar thaobh [do chomharsan]?

Chuaigh sé i gcomhairle leis an Tiarna, ach freagra ní bhfuair sé trí thaibhreamh, ná tríd an Úirím ná trí fháithe.

Chuir Sól bréagriocht air féin agus malairt éide agus chuir chun bealaigh agus beirt ina choimhdeacht; san oíche a rinneadar an t‑aistear chun na mná. “Taispeáin dom,” ar sé, “a bhfuil le teacht le cabhair spioraid; tabhair aníos chugam an té a ainmneoidh mé duit.”

Bhí Dáiví an-bhuartha mar go raibh an pobal ag caint ar ghabháil de chlocha ann; bhí an pobal go léir gruama ina gcroí, gach duine ar son a mhac agus a iníonacha féin. Ach fuair Dáiví misneach ón Tiarna a Dhia.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí