Dúirt an rí léi: “Na bíodh eagla ort! Cad a fheiceann tú?” “Feicim spiorad ag éirí aníos as an talamh,” ar sí le Sól.
Na bí mall ag ofráil ó lánmhaire d'urláir bhuailte ná ó mhaol do chantaoir fhíona. Ofráil céadghinte do mhac dom chomh maith.
Labhróidh sé thar do cheann leis an bpobal; agus beidh seisean mar bhéal agatsa, agus beidh tusa mar dhia aige-sean á spreagadh.
Ansin chonaic an bhean Samúéil agus scread sí in ard a cinn, agus dúirt le Sól: “Cén fáth gur chuir tú dallamullóg orm? Is tú Sól!”
“Cén dealramh atá air?” ar sé léi. “Seanfhear atá ag teacht aníos agus brat timpeall air.” Ansin bhí a fhios ag Sól gurbh é Samúéil a bhí ag teacht agus chrom sé chun na talún agus d'umhlaigh dó.