Óir is eol do Dhia an lá a íosfaidh sibh dá thoradh sin, go n‑osclófar bhur súile agus go mbeidh sibh cosúil le déithe agus fios na maitheasa agus an oilc agaibh.”
Dúirt sí ansin: “Glaodh an rí, lena thoil, ar ainm an Tiarna, a Dhia, d'fhonn nach ndéanfadh an díoltasaí fola a thuilleadh marú agus mo mhac a mhilleadh.” “Dar an Tiarna beo,” ar sé, “ní thitfidh ribe de ghruaig do mhic chun na talún.”
Ná luaigh ainm an Tiarna, do Dhia, le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsáid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é.
Dar an Tiarna beo a thugann an bua d'Iosrael, fiú más do Iónátán mo mhac a tharla sé, cuirfear chun báis é, cuirfear sin.” Ach ní raibh fear ar an bpobal ar fad a thabharfadh freagra air.
D'fhreagair an bhean é: “Tá a fhios agat, ar ndóigh, cad a rinne Sól, conas mar atá na hasarlaithe agus na draoithe díbeartha as an tír aige. Cad a ba áil leat, más ea, ag cur gaiste i bhfearas do m'anam leis an mbás a thabhairt orm?”