Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 27:9

An Bíobla Naofa 1981

Rinne Dáiví an dúiche a chreachadh agus níor fhág fear ná bean ina mbeatha, ach thug na caoirigh agus an t‑eallach, na hasail, na camaill, agus na héidí mar chreach, agus thug leis ar ais go hÁicís iad.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Fuair aingeal an Tiarna í cois tobar uisce san fhásach, an tobar ar an mbealach go Siúr.

Bhí cónaí air sa dúiche idir Havalá agus Siúr lastoir den Éigipt ar an mbealach chun na hAsaíre. Bhíodh sé ag spairn lena bhráithre go léir.

Bhí seacht míle caora, trí mhíle camall, cúig céad cuingir damh, cúig céad asal baineann, agus líon tí raidhsiúil aige.

Sheol Maois Iosrael ar aghaidh ó Mhuir na nGiolcach agus isteach leo i bhfásach Shiúr mar ar leanadar sa siúl tríd an bhfásach ar feadh trí lá gan uisce a fháil.

Scriosadar a raibh sa chathair ar fad le faobhar claímh - fir agus mná, óg agus aosta, fiú na daimh, na caoirigh agus na hasail.

Téigh anois agus buail Amáiléic agus cuir é féin agus a bhfuil aige faoin mbang. Ná tabhair anacal dó, ach scrios é idir fhear agus bhean, leanbh agus bhunóc, dhamh agus chaora, chamall agus asal.’ ”

Scrios Sól na hAmáiléicigh dá bhrí sin, ó Havalá go Siúr, atá lastoir den Éigipt.

Ghabh sé Agag rí Amáiléic ina bheatha, agus chuir na daoine go léir chun báis le faobhar claímh faoin mbang.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí