Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 27:4

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a fuair Sól scéala gur theith Dáiví go Gat, scoir sé den tóir air.

Féach an chaibidil Cóip

4 Tagairtí Cros  

Ghabh a oifigigh go léir thairis, agus ghabh na Ceiréitigh go léir, agus na Peiléitigh go léir, agus gach duine den sé chéad Giteach a lean é ó Ghat, ar aghaidh roimh an rí.

D'fhreagair Sól: “Pheacaigh mé! Fill, a Dháiví, a mhic. Ní dhéanfaidh mé díobháil a thuilleadh duit, mar bhí an oiread sin urrama agat do mo bheo inniu. Baois, sea baois, a ba ea mo chúrsa, agus ba mhór é mo mhearbhall.”

Chuir Dáiví faoi ag Gat le hÁicís, é féin agus a chuid fear, a chlann féin le gach duine díobh, agus a bheirt bhan le Dáiví .i. Aichíonaom ó Izréil agus Aibíogáil bean Nábál ó Chairmeil.

Dúirt Dáiví le hÁicís: “Má fuair mé fabhar i do láthair, tabhair áit lonnaithe dom i gceann de bhailte na tíre. Cén fáth a mairfeadh do shearbhónta sa chathair ríoga i do theannta?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí