Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 27:3

An Bíobla Naofa 1981

Chuir Dáiví faoi ag Gat le hÁicís, é féin agus a chuid fear, a chlann féin le gach duine díobh, agus a bheirt bhan le Dáiví .i. Aichíonaom ó Izréil agus Aibíogáil bean Nábál ó Chairmeil.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Thug Dáiví an mhuintir a bhí in éineacht leis suas chomh maith, gach fear lena mhuirear féin, agus chuireadar fúthu i mbailte Heabrón.

Nábál a ba ainm don fhear agus Aibíogáil dá bhean. Bhí an bhean éirimiúil sciamhach, ach bhí an fear tuathalach drochbhéasach. Cálaebach a ba ea é.

Nuair a fuair Sól scéala gur theith Dáiví go Gat, scoir sé den tóir air.

Nuair a shroich Dáiví agus a mhuintir an áit fuaireadar an chathair dóite go talamh, agus a mná agus a gclann mhac agus iníonacha fuadaithe ina mbránna.

Beirt bhan Dháiví, Aichíonaom ó Izréil agus Aibíogáil baintreach Nábál ó Chairmeil, bhíodar gafa ina mbránna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí