D'aithin Sól guth Dháiví, agus dúirt: “An é sin do ghuth, a Dháiví, a mhic?” “Is é; is é mo ghuth é, a rí, a thiarna liom,” arsa Dáiví.
D'aithin an t‑athair é agus dúirt: “Is é cóta mo mhic é! D'alp ainmhí allta é! Tá Iósaef stollta ó chéile gan aon amhras.”
Go raibh an Tiarna ina bhreitheamh mar sin agus go dtuga sé breithiúnas idir mé is tú; go bhféacha sé chuige agus breithiúnas a thabhairt ar mo shon agus mé a shaoradh ó do láimh.”
Nuair a bhí deireadh ráite ag Dáiví le Sól, dúirt Sól: “An é sin do ghuthsa, a Dháiví, a mhic?” Agus ghoil Sól os ard.
Agus leis na briathra sin thug Dáiví ar a lucht leanúna gan Sól a ionsaí. D'éirigh Sól ansin agus amach leis as an bpluais agus d'imigh sé leis.