Nuair a insíodh é sin do Iótám, ghabh sé suas ar Shliabh Girizím agus sheas ar a mhullach, gur ghlaoigh sé os ard orthu á rá: “Éistigí liomsa, a cheannairí Sheicim, i dtreo go n‑éistfidh Dia libhse.
Thóg Dáiví an tsleá agus an crúsca uisce a bhí taobh le ceann Shóil agus d'imigh leis. Ní bhfuair aon duine radharc súl ná clos cluas ar ar tharla, ná níor dhúisigh aon duine; bhíodar go léir ina gcodladh mar thit codladh trom ón Tiarna orthu.