Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 26:11

An Bíobla Naofa 1981

Nár lige an Tiarna go sínfinn mo lámh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna! Ach tóg leat an tsleá anois atá ag a cheann, agus an crúsca uisce, agus imímís linn.”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Dúirt Dáiví: “Conas nárbh eagal leat do lámh a shíneadh chun ungthach an Tiarna a scrios?”

“Go dtaga do chuid fola sa mhullach ort féin,” arsa Dáiví, “mar thug do bhéal féin fianaise i d'aghaidh, á rá: ‘Mharaigh mé fear ungtha an Tiarna.’ ”

Ansin labhair Aibísí mac Zarúá amach: “Nach gcuirfear Simeí chun báis de bhrí gur chuir sé a mhallacht ar ungthach an Tiarna?”

Níor pheacaigh mo bhéal de réir nós an duine; sheachnaigh mé an foréigean de réir bhriathra do bhéil.

Ná himrígí cor in aghaidh an chaim ar aon duine ach an rud uasal a bheith mar aidhm agaibh os comhair an tsaoil.

Agus, a mhuintir na páirte, ná hagraigí díoltas ar dhuine ar bith; fágaigí an agairt faoi fhearg Dé de réir mar atá scríofa: “Fúmsa an díoltas,” a deir an Tiarna, “mise a chúiteoidh.”

Ná díolaigí olc ar olc, ná achasán ar achasán; ach a mhalairt, tugaigí beannacht; mar is chuige sin a glaodh oraibh, le go mba bheannacht a bheadh mar oidhreacht agaibh.

Seo anseo mé! Tugaigí fianaise i m'aghaidh i láthair an Tiarna agus a ungthaigh! Ar bhain mé a dhamh d'aon duine? Ar bhain mé a asal d'aon duine? An ndearna mé calaois ar aon duine? An ndearna mé leatrom ar aon duine? Ar thóg mé breab riamh ó aon duine le mo shúile a dhalladh? [Má rinne mé] déanfaidh mé aisíoc libh.”

Féach, a athair, go bhfuil íochtar do chlóca i mo láimh agam. Ghearr mé an t‑íochtar anuas de do chlóca, ach níor mharaigh mé thú. Caithfidh tú a thuiscint agus a fheiceáil, dá réir sin, nach bhfuil urchóid ná tréas ar aigne agam. Níor chiontaigh mé i d'aghaidh, bíodh go bhfuil tú sa tóir orm chun mé a mharú.

Agus tháinig sé fad leis na cróite caorach a bhí cois na slí, áit a raibh pluais. Chuaigh Sól isteach sa phluais chun a ghnó a dhéanamh. Bhí Dáiví agus a lucht leanúna ina suí i bhfad siar istigh sa phluais.

Ina dhiaidh sin tháinig aiféala ar Dháiví mar gur bhain sé an t‑íochtar anuas de chlóca Shóil




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí