Chonaic bráithreachas na bhfáithe (in Ireachó) uathu é, agus dúradar: “Tá spiorad Éilias luite ar Eilíseá,” agus thángadar ina araicis agus chromadar chun talún ina láthair.
Bhí arm de thrí chéad míle fear ó Iúdá le sciatha agus gathanna ag Ásá; agus dhá chéad ochtó míle fear ó Bhiniáimin a d'iompair sciath agus a láimhseáil bogha; gaiscígh thréana iadsan go léir.
Cuir ceist ar d'ógánaigh agus inseoidh siad sin duit. Go raibh do ghnaoi dá bhrí sin ar na hógánaigh seo, mar is ar lá féasta a thángamar. Tabhair, le do thoil, cibé ní cóir atá agat ansin do do shearbhóntaí agus do Dháiví do mhac.’ ”