Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 25:6

An Bíobla Naofa 1981

Agus labhraigí mar leanas [le mo dheartháir]: ‘Síocháin duit agus síocháin do do theaghlach, agus síocháin do gach a mbaineann leat!

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

“Síocháin daoibh; ná bíodh eagla oraibh,” ar sé. “Is é bhur nDia agus Dia bhur n‑athar a chuir an mhaoin in bhur málaí arbhair daoibh. Fuaireas bhur n‑airgead slán iomlán.” Thug sé Simeon amach chucu ansin.

Tháinig Aichímeáz i láthair an rí: “Bail ó Dhia ort!” ar sé, agus shléacht don rí agus chrom go talamh roimhe. “Moladh leis an Tiarna, do Dhia,” ar sé, “mar gur thug sé ar láimh an mhuintir a shín a lámh in aghaidh mo thiarna an rí.”

Chuaigh Dáiví ina gcoinne agus dúirt sé leo: “Má tháinig sibh chugam mar chairde le cabhrú liom, táim lánullamh ó chroí aontú libh; ach más d'fhonn mé a bhrath le mo naimhde, cé nach bhfúil aon urchóid ar mo lámha, ansin go gcoimeáda Dia ár sinsear súil oraibh agus go dtuga daorbhreith oraibh.”

Síocháin go raibh laistigh de do mhúrtha, agus flúirse i do phálás.

Ar son mo bhráithre agus lucht mo pháirte, síocháin go raibh ionat.

Cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, abraigí ar dtús: ‘Síocháin don teach seo,’

Fágaim síocháin agaibh; tugaim mo shíocháin daoibh. Ní thugaim daoibh í mar a thugann an saol í. Ná bíodh bhur gcroí buartha agus ná bíodh eagla air.

mar gur beo dúinne anois nuair atá sibhse ag seasamh an fhóid go daingean sa Tiarna.

Tiarna na síochána é féin go dtuga sé síocháin daoibh gach uair agus gach slí. Go raibh an Tiarna libh go léir.

Ach an bhaintreach atá aerach, tá sí marbh cheana féin d'ainneoin í bheith beo.

chuir sé deichniúr ógánach chuige á rá leo: “Téigí suas go Cairmeil, tugaigí cuairt ar Nábál agus beannaigí dó i m'ainm.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí