San am atá thart nuair a bhí Sól ina rí orainn, is tusa a bhí mar thaoiseach ar Iosrael ina gcuid eachtraí go léir; agus dúirt an Tiarna leat: ‘Is tusa a bheidh i d'aoire ar mo phobal Iosrael, is tusa a bheidh mar thaoiseach ar Iosrael.’ ”
Anois, ámh, ní mhairfidh do fhlaitheas; chuardaigh an Tiarna agus fuair sé fear de réir a chroí féin, agus cheap sé é mar thaoiseach ar a phobal mar nár chuir tú i gcrích na nithe a d'ordaigh an Tiarna duit.”
“Ná bíodh aon eagla ort,” ar sé leis, “mar ní bhfaighidh Sól m'athair greim ort; tusa a bheidh i do rí ar Iosrael, agus mise a bheidh taobh leat; is eol do Shól m'athair é sin freisin.”
ná bíodh aon chúis cháisimh ná aifeála ar mo thiarna de bharr fuil a dhoirteadh gan ghá, ná éiric a bhaint amach le do láimh féin. Nuair a thaispeánfaidh an Tiarna a fhéile do mo thiarna, ansin cuimhnigh ar do bhanóglach.”