Ar an treas lá tháinig fear ón gcampa a bhí ag Sól. Bhí a chuid éadaigh stróicthe agus cré ar a cheann. Ar theacht chuig Dáiví dhó, chaith sé é féin os a chomhair agus thug ómós dó.
Tháinig Aichímeáz i láthair an rí: “Bail ó Dhia ort!” ar sé, agus shléacht don rí agus chrom go talamh roimhe. “Moladh leis an Tiarna, do Dhia,” ar sé, “mar gur thug sé ar láimh an mhuintir a shín a lámh in aghaidh mo thiarna an rí.”
Ar theacht i láthair Dháiví dó, chaith Meirí Bál mac Iónátán mhic Shóil é féin ar a bhéal agus thug ómós dó. “Meirí Bál!” arsa Dáiví. “Táim faoi do réir,” ar sé.
Nuair a bhí Dáiví ag teacht chuige, d'fhéach Ornán síos agus chonaic Dáiví; d'fhág sé an t‑urlár buailte, agus thug sé ómós do Dháiví agus a cheann crom chun talún.
Ansin shléacht Rút roimhe agus chrom go talamh, á rá: “Cad chuige duit a bheith chomh lách liom agus a leithéid de chúram a dhéanamh díom agus gan ionam ach strainséir?”
Nuair a d'imigh an giolla d'éirigh Dáiví ón áit ina raibh sé ag taobh an chairn agus chaith é féin ar a bhéal ar an talamh agus chrom faoi thrí. Ansin phógadar a chéile agus ghoileadar go fuíoch le chéile nó gur tháinig Dáiví chuige féin.
Chaith sí í féin ag a chosa agus dúirt: “Cuir an milleán seo ormsa amháin, a thiarna. Tabhair cluas do do bhanóglach, le do thoil, agus éist le focail do bhanóglaigh.